Phill sé na bhaile ansin agus thosaigh sé ag obair lena cholceathrar, conraitheoir Kevin Mac Monagail ag tógáil tithe i nGaoth Dobhair agus Cloich Cheann Fhaola. Bhí rudaí ag iarraidh níos fearr san am, 60aí, bhí daoine ag tógáil tithe. Thóg sé tithe ansin ar an Bhealtaine agus a theach féin.
00:02:52
D’obair Dónalll ar thógáil theach phobail Ghort an Choirce. O’Connor and Bailey an conraitheoir as Baile Átha Cliath a bhí an jab acu. Ní raibh mórán trealaimh acu agus bhí cuid mhór obair láimhe le déanamh acu. Bhí thart ar 30 fear ag obair ansin, bhí obair mhaslach ann. Bhí na brící le déanamh acu féin fosta. Caitheadh tamall maith roimh ré ag déanamh réidh don thógáil. Bhí páirc lán creige ansin a bhí le baint amach uilig ar dtús. Bhí pá de thart ar £43 acu.